Inis Mór

Inis Mor landscape
Inis Mór, an t-oileán is mó de thrí Oileán Árann. (Grianghraf – Amanda Browne)

Tá Inis Mór ar an t-oileán is mó de thrí Oileán Árann atá suite i gCuan na Gaillimhe. Tá an t-oileán 14km ar fhad agus níl sé níos mó ná 4km ar leithead, le achar de 31 km². Is í an Ghaeilge an teanga dhúchais agus is ceantar Gaeltachta atá ann. Tá an t-oileán déanta suas de thírdhreach iontach d’aolchloch carst, aillte ingearacha suas le 100m ar an taobh ó dheas, agus ar an taobh thoir cuanta éadoimhin le dumhcha aoibhinn agus gnáthóg machaire mórthimpeall. Tuairiscítear sé ghnáthóg déag de luach caomhantais Eorpach ar an oileán, rud a léiríonn gur ceantar caomhantais ríluachmhar agus fíor-éagsúl í.

Tá an tírdhreach déanta suas de na mílte garrantaí bheaga timpeallaithe ag na mílte claíocha cloiche a tógadh le lámh. Is fianaise iad seo ar an obair chrua a chuir na feirmeoirí isteach leis na céadta bliain, ag glanadh clocha ó na garrantaí agus ag cur feamainn orthu, próiseas uafásach mall ach de réir a chéile ag méadú an ábhar orgánach san ithir ghainmheach. Is tírdhreach nádúrtha agus cultúrtha araon atá ann ar luach caomhantais as cuimse, agus de thoradh air seo tá beagnach 75% den oiléan ainmnithe mar Limistéir Chaomhantais Speisialta.

I 2014, cuireadh tús leis an togra Feirmeoireachta AranLIFE chun dea-chleachtais bainistíochta caomhantais na bhfeirmeoirí áitiúla, ar an talamh ainmnithe ar an oileán, a léiriú agus a fhorbairt (agus freisin ar an dá oileán comharsana, Inis Meáin agus Inis Oírr). Díríonn an togra ar na  cleachtais feirmeoireachta, ag baint úsáid as an eolas agus an taithí atá ag na feirmeoirí áitiúla, chomh maith le saineolas eolaíoch chomhpháirtithe an togra chun dul i ngleic leis an dúshláin a bhaineann le feirmeoireacht ar oileán agus chun feabhas a chur ar stáda caomhantais na suíomhanna ainmnithe.

Tá an ceantar amach ón gcósta chomh ilghnéitheach céanna lán le pobail sceir a thacaíonn le go leor pobail bitheolaíoch neamhchoitianta agus atá faoi bhagairt, agus tá roinnt mhaith den speiceas a fhaightear anseo neamhchoitianta in áiteacha eile ar fad.

Tá an-áthas ar an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta i bpáirt le Togra Feirmeoireachta AranLIFE an BioBlitz Oileáin a chur ar siúl ar Inis Mór.

Oileán Thoraí

Tory (Owen Clarke)
Oileán Thoraí (Grianghraf – Owen Clarke)

Tá Oileán Thoraí suite 14.5 km amach ó chósta iarthuaisceart Dhún na nGall. Oileán ar leith atá ann a bhfuil oidhreacht speisialta agus saintréithe uathúla ag baint leis. Tá thart ar 170 duine ina gcónaí ann ó cheann ceann na bliana agus is í an Ghaeilge a dteanga dhúchais. Le blianta beaga anuas tá rath agus fás tágtha ar an ghrúpa bheag ealaíontóirí ann. Is í Toraigh an t-aon áit amháin in Éirinn a bhfuil rí ag an phobal go fóill, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, a bheidh ar fáil le fáilte a chur roimh chuairteoirí a thiocfaidh go dtí an t-oileán galánta seo,

Tá an t-oileán 4.5 km ar fad agus níos lú ná 1.5km ag an phointe is leithne. Luíonn mór-ais an oileáin ón iarthuaisceart go dtí an t-oirdheisceart, agus claonann an talamh ó thuaidh mar a bhfuil beanna chomh hard le 85m. Cladach íseal agus trá bhollán atá ar an taobh ó dheas. Scaineagán atá thart ar an chladach ó dheas agus tá barra ann a bhfuil murloch beag taobh istigh de, Loch ó Dheas. Fraochmhá agus lagphortach atá sa talamh lárnach agus anuas ó na beanna ó thuaidh, agus is féarach fliuch agus tirim atá sa chuid eile den talamh, cuid de ina fhéarach feabhsaithe. Tá dhá loch éadoimhne ar an cheann thiar Loch ó Dheas (Loch Ayes) agus Loch ó thuaidh agus paiste de riasc ar an Cheann Thoir a mbionn dúil ag lucht éanach ann. Tá díoninnilt déanta ag caoirigh ar an talamh ó cheann ceann an oileáin, ach tá corrphaiste de thalamh curaíochta anseo agus ansiúd.

Tá fiadhulra suntasach ar an oileán. Tá líon na dTraonach sa tír i mbaol ach bíonn thart ar an séú cuid dóibh le fáil i dToraigh. Tá go leor cineálacha éagsúla éan mara ina gcónaí ann chomh maith agus cuireann seo le sainiúlacht Thoraí.

Oileán Chléire

Cape Clear (Liam Lysaght)
Oileán Chléire (Grianghraf- Liam Lysaght)

Tá Oileán Chléire 12 km amuigh ó chósta thiar theas na hÉireann i mbéal Bhá Rinn Chúil Uisce. Labhartar Gaeilge i gCléire agus is í an Ghaeltacht is sia ó dheas sa tír í. Go deimhin, is í Oileán Chléire an áit is sia ó dheas in Éirinn a bhfuil cónaí ann. Tá tuairim is 120 duine san oileán ó cheann ceann na bliana. Tá an t-oileán 4.5 km ar fhad agus – san áit is leithne – níos lú na 2 km ar leithead. Táthar ag gabháil d’fhaire na n-éan leis na blianta anuas mar is ionad den scoth don bhfaire agus do staidéar imirce éanlaithe í de bharr go bhfuil sí suite ar an bpointe is sia siar ó dheas den tír.  Is minic san earrach agus sa bhfómhar ealtaí móra éin cheoil ag teacht isteach óna n-ionaid phóraithe, agus is minice lena hathrach go bhfeictear éin sheachránacha ón tSibéir agus ó Mheiriceá chomh maith. Ina theannta sin tá Oileán Chléire ar cheann de na háiteanna is fearr san Eoraip chun féachaint ar imirce éanlaithe farraige i ndeireadh an tsamhraidh. Tá ionad faire na n-éan san Oileán ó 1959. Tá míolta móra, liamháin, éisc ghréine agus turtar droimleathair ann, scataí móra díobh ar uairibh. Is áit í Cléire a bhféadfadh rud ar bith gobadh aníos! Fásra móna agus fraochmhá den chuid is mó atá ar an oileán, mar aon le carraigeacha agus féarach leasaithe. De bhreis air seo glactar leis mar “bhall te luibheolaíochta” mar gheall ar an líon mór plandaí atá ar fáil in áit chomh beag léi, roinnt speicis annamha san áireamh. Is é Loch Ioral an loch fionnuisce is mó san oileán agus é 4.5. heicteár ar méid. Lena chois sin tá talamh réisc ann ansiúd ‘s anseo.

Má tá fonn ort cabhrú linn cineálacha a chlárú i gCléire déan teagmháil le [email protected] nó [email protected]

The National Biodiversity Data Centre is an Initiative of the Heritage Council and is operated under a service level agreement by Compass Informatics. The data centre is funded by the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht and the Heritage Council.
© 2024 BioBlitz | Web Design Vitamin Studio